cronstedt
Jul. 18th, 2007
01:28 am - Máire Mhac An Tsaoi
Neamhshuím liom fuacht na hoíche,
Neamhshuím liom scríb is fearthainn,
Sa domhan cúng ruin teolaí seo
Ná téann thar fhaobhar na leapan –
Ar a bhfuil romhainn ní smaoinfeam,
ar a bhfuil déanta cheana,
Linne an uain, a chroí istigh,
Is mairfidh sí go maidin.
